Cartlann: 2015

  • Tuairisc ó LCC 2015

    | Freagraí: 0

    Tuairisc ó LCC 2015

    Chuir seisiún bríomhar plé críoch le Léachtaí Cholm Cille 2015 Dé Sathairn seo caite. Dhírigh an Fóram Plé, inar tugadh cuireadh oscailte do rannpháirtithe uile na comhdhála ábhar na léachtaí a phlé agus a chardáil, ar chás scríbhneoirí Gaeilge na linne seo go háirithe. Tagraíodh don dul chun cinn a tharla lenár linn féin maidir le saothar na scríbhneoirí seo a chur i mbéal an phobail agus maidir le margadh idirnáisiúnta a aimsiú don saothar céanna. Aithníodh fosta go dtéann go leor saothar gan aitheantas ó thaobh na léirmheastóireachta de gach bliain agus rinneadh plé ar roinnt bealaí a d’fhéadfadh leis an gcóras ollscolaíochta tacú le cothú na scríbhneoireachta ar bhealach níb éifeachtaí. Is cinnte gur fágadh lón machnaimh againn agus an chomhdháil á scor.

    Tháinig sé seo sna sála ar imeachtaí eile an deireadh seachtaine, ar ndóigh, agus gabhaimid ár mbuíochas leis an seachtar léachtóirí a thug páipéir shlachtmhara ríshuimiúla uathu agus le Liam Mac Cóil a d’oscail an chomhdháil le haitheasc a thug léargas paiteanta ar théama na bliana seo. Sheol an Msgr Pádraig Ó Fiannachta léachtaí foilsithe na bliana seo caite, Léachtaí Cholm Cille XLV: Saothar an Athar Peadar, atá in eagar ag an Dr Eoghan Ó Raghallaigh, oíche Aoine.

    Gabhaimid ár mbuíochas, go háirithe, leis na rannpháirtithe uilig a d’fhreastail ar an gcomhdháil agus a chuir chomh mór sin leis an bplé laistigh agus lasmuigh den léachtlann féin.

  • Seoladh leabhair ag Léachtaí Cholm Cille 2015

    | Freagraí: 0

    Seoladh leabhair ag Léachtaí Cholm Cille 2015

    Is gearr anois go mbeidh Léachtaí Cholm Cille ar siúl in Ollscoil Mhá Nuad ar an 13-14 Márta. Seolfar léachtaí foilsithe na bliana seo caite, Léachtaí Cholm Cille XLV: Saothar an Athar Peadar, in eagar ag an Dr Eoghan Ó Raghallaigh, oíche oscailte na comhdhála.

    Léachtaí léannta atá anseo ar ghnéithe de shaothar agus d’oidhreacht duine de mhórphearsana athbheochan na Gaeilge. Rugadh an tAthair Peadar Ua Laoghaire i Lios Carragáin, Múscraí Thiar, Co. Chorcaí, sa bhliain 1839. Ní dheachaigh sé i mbun pinn i gceart go dtí go raibh sé os cionn an leathchéid. Ach sna seacht mbliana is fiche deiridh dá shaol, le linn dó bheith ina shagart paróiste i gCaisleán Ó Liatháin, Co. Chorcaí, chuir sé de breis is leathmhíle saothar scríbhneoireachta – saothair chruthaitheacha agus chráifeacha, aistriúcháin, athinsintí, dírbheathaisnéis, colúin agus eile. Is ar éigean má d’fhág aon duine eile de lucht a linne lorg chomh mór ar scríbhneoireacht, ar litríocht agus ar scoláireacht na Gaeilge.

    Déanfar Léachtaí Cholm Cille XLV: Saothar an Athar Peadar, arna fhoilsiú ag An Sagart, a sheoladh ar 8.30pm ar an Aoine 13 Márta in Ollscoil Mhá Nuad. Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo.

    [Íomhá clúdaigh LCC XLV: cuid d’aistriúchán an Athar Peadar ar Gheineasas (le caoinchead an Leabharlannaí, Ollscoil Mhá Nuad)]

  • Achoimrí na léachtaí ar fáil

    | Freagraí: 0

    Achoimrí na léachtaí ar fáil

    Táimid i ndiaidh achoimrí ar na seacht léacht a thabharfar ag Léachtaí Cholm Cille 2015 a fhoilsiú ar an suíomh. Is cinnte, i bhfianaise na n-achoimrí seo, go spreagfar mórán machnaimh agus díospóireachta le linn dheireadh seachtaine na comhdhála agus táimid ag súil go mór leis na cainteanna a chloisteáil ar an 13-14 Márta.

    Is féidir na hachoimrí a léamh anseo.

  • Liam Mac Cóil a osclóidh Léachtaí Cholm Cille 2015

    | Freagraí: 0

    Liam Mac Cóil

    Tá lúcháir orainn a fhógairt gurb é Liam Mac Cóil a osclóidh Léachtaí Cholm Cille XLVI: An Scríbhneoir Gaeilge agus Saol a Linne go hoifigiúil ar an Aoine 13 Márta 2015.

    Scríbhneoir agus criticeoir is ea Liam Mac Cóil. Tá sé ina chónaí i Ráth Chairn na Mí. Tá leabhair, ailt, agus aistí scríofa aige faoi chúrsaí litríochta, staire, ceoil, ealaíon agus teilifíse.

    Ba é a úrscéal An Dochtúir Áthas (1994) an chéad leabhar Gaeilge a cuireadh ar ghearrliosta Dhuaiseanna Liteartha an Irish Times. Ó shin foilsíodh úrscéal eile leis, An Claíomh Solais, agus dialann scríbhneoireachta, Nótaí ón Lár, chomh maith le leabhar ar an gcumadóir Charles Villiers Stanford An Chláirseach agus an Choróin: Seacht gCeolsiansa Stanford a foilsíodh in 2010. Bhuaigh a úrscéal Fontenoy Gradam Uí Shúilleabháin 2006. Chomh maith lena shaothar do dhaoine fásta tá leabhar sa tsraith Scéalta Staire scríofa ag Liam Mac Cóil, Toirealach Ó Cearúlláin. Tá aistriúcháin déanta ón mBreatnais freisin aige, Tiocfaidh Lá le Ffred Ffransis (Carbad, 1977), agus Saibhreas Chnoic Chaspair le J. Selwyn Lloyd (An Gúm, 1981), agus d’fhoilsigh sé stair a áit dhúchais féin, The Book of Blackrock (Carraig Books, 1977, 1981). I gcomhar leis an Ollamh Ruairí Ó hUiginn, tá Liam ina eagarthóir ar an iris litríochta agus ealaíne Bliainiris.

    Rug an leabhar is déanaí ó pheann Liam, I dTír Strainséartha, an chraobh leis i rannóg an Úrscéil (Ficsean Ginearálta) ag Comórtais Liteartha an Oireachtais 2014. Gheobhfar tuilleadh eolais maidir le Liam agus a chuid saothar anseo.

    Cuirfear tús le Léachtaí Cholm Cille na bliana seo ag 6.30 pm ar an Aoine 13 Márta i bhFoirgneamh John Hume, Ollscoil Mhá Nuad. Moltar do na rannpháirtithe clárú don chomhdháil anseo go luath.

  • Clár Léachtaí Cholm Cille 2015 ar fáil

    | Freagraí: 0

    Clár Léachtaí Cholm Cille 2015 ar fáil

    Is é an téama a bheidh i gceist ná An Scríbhneoir Gaeilge agus Saol a Linne agus beifear ag díriú ar chomhthéacsanna agus ar thimpeallachtaí éagsúla prós-scríbhneoireachta ó aimsir na hAthbheochana i leith.

    Ar na ceisteanna a chíorfar beidh: cothú agus forás na scríbhneoireachta cruthaithí sa Ghaeilge, in Éirinn agus thar lear, ó aimsir scéalta deoraíochta Uí Chonaire go dtí fabhalscéalta scríbhneoirí an lae inniu; cás scríbhneoirí Gaeilge na hAthbheochana i Sasana agus tionchar ceannródaíoch Liam P. Uí Riain i dtosach an fichiú haois; an neamhspleáchas meoin agus seasamh an ealaíontóra i gcás Sheosaimh Mhic Grianna agus scríbhneoirí eile de chuid na linne sin; an tionchar a bhí ag seasamh Dhiarmada Uí Shúilleabháin mar ghníomhaí polaitiúil agus mar scríbhneoir engagé ar a chuid oibre mar scríbhneoir nua-aoiseach; scóip agus dúshláin an eagarthóra i gcás na hirise Comhar sna 1980í agus i gcás An Aimsir Óg i dtosach na mílaoise nua; téamaí morálta agus sóisialta i gcuid de shaothar cruthaitheach an úrscéalaí sagairt, Pádraig Standún; agus smaointe an scríbhneora Anna Heussaff ar ghnéithe dá saol gairmiúil ó chuaigh sí le scríbhneoireacht na Gaeilge ar bhonn lánaimseartha tamall de bhlianta ó shin.

    Is léir, mar sin, go mbeidh idir thréimhsí agus thimpeallachtaí éagsúla cultúrtha, polaitíochta, liteartha agus teanga á bplé. Táimid lánchinnte go spreagfaidh na léachtaí seo mórán machnaimh agus díospóireachta le linn an deireadh seachtaine agus go bhfáilteofar roimh an deis iontach seo le míreanna ar leith de scéal phrós-scríbhneoireacht na Gaeilge le breis agus céad bliain anuas a iniúchadh as an nua.

    Is féidir breathnú ar chlár na léachtaí ar líneclár na comhdhála a íoslódáil mar PDF anois.

Ollscoil Mhá Nuad
Foras na Gaeilge
An Sagart - Foilseacháin